An gCeapann Údair Fantaisíocht Nach Bhfuil sa Ghaeilge ach “Elvish” Lascainithe

Tá gaol gairid idir an t-aisteoir Meiriceánach a chuireann blas Sasanach air féin i scannán fantaisíochta agus an scríbhneoir a deir leis féin “is Gaeilge de shaghas éigin í an Ealbhais seo, ach níl inti ach an méid is cuimhin liom gcailín Wicca sin ar shiúil mé amach léi san ollscoil”.

Cén fáth a bhfuil an chaoi a n-úsáidtear an Ghaeilge agus seanchas na nGael i bfantaisíocht an Iarthair tábhachtach? 

Is minic a tharraingítear ar thobar an tseanchais Éireannaigh do charachtair i leabhair fhantaisíochta. Is gné lárnach d’fhantaisíocht an Iarthair iad carachtair agus arrachtaí mhiotaiseolaíocht na hÉireann ar go leor bealaí. Meascán mearaí de thraidisiúin bhéaloidis Shasana, na hÉireann, agus na hAlban a bhíonn sa ghnáth-thuiscint ar an “aos sí”, traidisiúin atá éagsúil lena chéile.

Baineann cúirteanna na sí, Titania agus Oberon le traidisiún Shasana. Baineann na màileachain, na brùinidh, Seelie agus Unseelie, le hAlbain. Baineann an Morrigan, liosanna na sí, na leipreacháin, agus na “Banshees” le béaloideas na hÉireann. 

Roinnimid roinnt smaointe. Madraí dubha ollmhóra mar droch-foláireamh, an coincheap a bhí ár sinsear ina bhfhathach, agus go raibh na daoine sí i bhfolach i gciorcail chloiche nó i dumha cnoc. Má chuala tú é seo cheana, is é an fáth go bhfuil na trópaí seo mar chnámh droma leath den fhantaisíocht nua-aimseartha. Ní fadhb í seo amháin, ach de ghnáth baintear iad as an gcomhthéacs uile agus úsáidtear ilchultúr mar idir-athraithe do chéile.

Chomh maith leis sin, léirítear go leor de charachtair nó de chréatúir Éireannacha ana dhiabhallach nó an-gnéasaithe. Is trópa leanúnach é gnéasú figiúirí ban i miotaseolaíocht na hÉireann freisin. Is iondúil go dtaispeánann na Morrigan agus Maebh go bhfuil siad ban meabhlú olc. Tá go leor samplaí de na Morrigan go háirithe ró-ghnéasaithe ina bhforéigean, agus tá sruthanna de chuid sadomasochism acu. Tá leagan den Morrigan de chuid Kevin Hearne san Iron Druid Chronicles ciontach go háirithe, ach níl sé ina haonar.

Is táirge fantaisíochta mór agus íocónach é Doinsiún & Dragún. Tógann sé créatúir mhiotaseolaíocha Éireannacha agus tugann said ailíniú olc dóibh beagnach go léir. Níl gach hag ag déanamh tagairt ar mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban ach is cinnte go dtagraíonn Bheur Hag an Hag Beara agus tá ailíniú olc aige freisin. Is droch-smaoineamh a bheadh ann féin, ach tá rud éigin míchompordach faoi fhigiúr miotaseolaíochta Éireannach tábhachtach a athshocrú mar chréatúr olc a fhulaingíonn daoine chun báis.

Tá Samhain díograiseach níos mó ná formhór focal Gaeilge. San alt Béarla, míním an difríocht idir Oíche Shamhna agus Samhain ach má tá tú ag léamh a leagainn Gaeilge ní cheapaim go bhfuil aon phointe chun é sin a dhéanamh. Seo sraith teilifíse mór le rá “Supernatural” ag rá gur deamhan Chríostaí í Samhain (Sam-Hayne).

Tá sé coitianta go ndéantar cultúir choilínithe a léiriú mar dheamhan agus gnéasach. Úsáidtear é seo chun cultúr na ndaoine coilínithe a chur i láthair mar fíochmhar agus a bhfuil gá le tionchar sibhialtach impiriúlachais air.

Cuireann coilíneacht isteach ar chultúir freisin trína gcuid teangacha a scriosadh agus a dhíluacháil. Níorbh fhéidir an Ghaeilge a úsáid ar theastais bhreithe nó ar aon doiciméid oifigiúla faoi riail na Breataine in ainneoin gurb í an phríomhtheanga na tíre. Bhí taithí chomhchosúil ag an daonra coilínithe eile, i Meiriceá nó san Astráil, ar impiriúlachas. I dtíortha áirithe cuireadh cosc ar a gcuid teangacha dúchais go hiomlán. Déanaim an pointe seo chun a mhíniú go bhfuil sé níos mó ná droch-scríbhneoireacht.

Ag teacht ar ais chuig Dungeons & Dragons, tá an teanga Sylvan, an teanga Fey i D&D, bunaithe go láidir ar Gaeilge, ach go scaoilte agus le haibítre Béarla nach n-úsáideann an Ghaeilge. Seo a leanas roinnt téacs blais do Sholas Dubh a úsáideann an focal ceart do dhorcha dorcha / dubh ach a úsáideann an focal Catha, rud a chiallaíonn cogúil. Is dócha gur tharla an mearbhall seo mar gheall ar Badb Catha. Thóg siad an focal cogúil in ionad badb, seanfhocal i gcóir préacháin. Botún beag agus d’fhéadfadh sé breathnú mion fuadar mór a dhéanamh faoi ach tá sé chomh beag sin nach dtógfadh sé 30 soicind chun Google nó foclóir a léamh.

San Iron Druid Chronicles, Granuaile is anim do cáile amhán. I ndáiríre. Feicimid an fhadhb chéanna le scannáin nó le seónna teilifíse ag caitheamh timpeall idirphlé Ghaeilge fánach. Mar shampla, i Hellboy 2 labhraíonn na Elves leagan garbh den Ghaeilge. Níor thug mé faoi deara é seo fiú nuair a bhí mé ag breathnú ar an scannán toisc go bhfuil gach focal fógartha mícheart.

Úsáideann Warhammer 40k Gaeilge iomlán mar teanga Eldar. Tá an Gaeilge seo níos líofa ach is fadhb é sin freisin. Cén fáth a bhfuil na heachtrannaigh seo ag labhairt Gaeilge? Is fíor teanga é!

I ndeireadh na dála ní ceist Gaeilge nó bhéaloideas Éireannach a bheith san áireamh i bhfantaisíocht, tá an fhadhb ag caitheamh le cultúr na hÉireann agus Gaeilge mar níl ann ach táirge fantaisíochta ath-inúsáidte.

Read this article in English here.

7 Thoughts

  1. Dia duit! Aontaím le roinnt mhaith de do chuid tuairimí, ach léigh mé áit éigin gur sheanleagan den Ghaeilge a úsáideadh in Hellboy 2. Cad é do mheas?

  2. I write novels about Irish soldiers and their families, and I know better than to try anything very complicated. It’s fun to have my Anglo-Irish officer stumble when speaking to men like Private Rooney, a Gaelic-only recruit:

    Rooney gasped something in Irish to Mulvaney, but the sergeant ignored him and said, “Captain, this man carelessly lost the shako that was issued him, and is having the cost of a new one deducted from his pay.”
    James, long familiar with garrison quartermasters, ignored Mulvaney, instead pointing to the soldier’s head and saying something approximating, “Áit a bhfuil hata do bhFiann, fear?”
    Rooney was puzzled for a moment, the tall Saxon so gruff, and him speaking like a Mayo lunatic, until he discerned that he was being asked about his great tall hat. Rooney pointed to his head and rattled off a long, pleasant, conversational answer that was in turn well beyond James’s understanding.

    My Irish is rudimentary at best, though I very much enjoy reading what you guys post.

    Best regards…..Mark

  3. Maith thú! Bheinn buartha fán méid sin raiméise a scríobhadh ag Meiriceánaigh (agus Sasanaigh chomh maith, caithfidh mé a rá) ach bhí a fhios agam go raibh a leithéid ann cheana féin.

    Scríobh mé páipéar cúpla bliana ó shin fá dtaobh den fhicsean eolaíochta i nGaeilge agus (mí)úsáid na Gaeilge i bhficsean eolaíochta/fantasaíochta i mBéarla. (Roghnaigh mé ábhar an-leathan toisc gur tháinig an ghlaoch ar pháipéir chugam ag an bhomaite deiridh agus gan deis agam mo chuid foinsí a bhailiú sula scríobh mé an togra.)

    Ba é an sampla is measa a fuair mise, b’fhéidir, ná “banshee” fireann (le bréag-sansaíocht “bane of the Sidhe”) i leabhar de chuid Mercedes Lackey.

  4. Is maith an rud é gur athraigh tú an t-ainm a bhí ar an alt seo. Ní galar é seo a bhfuil na Meiriceánaigh amháin faoina thionchar. Caith súil ar an tsraith Pholannach leabhar agus cluichí físe ‘The Witcher’ (Wiedźmin as Polainnis) — tá Gaeilge leathcheilte ag an dream a dtugtar ‘Scoiatael’ orthu.

    Ach rud a mháin eile a déarfas mé agus sin an seanfhocal seo: an áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice. Agus is éard atá i gceist agam leis sin go mbíonn an ‘Ghaeilge’ seo ag tarraingt daoine (idir Éireannaigh agus eachtrannaigh) chun na Gaeilge. Agus faigheann na nóiseans a bhíonn acu bás nuair a chastar an teanga féin agus cultúr na Gaeilge orthu go fírinneach.

    1. Ní raibh mé ach a bheith píosa searbh leis an teideal Béarla, níl sé ró-dáiríre sin. Tá fhios agam The Witcher, bhí sé sa snáithe Twitter a bhí nasctha ann. Ní cheapim go bhfuil aon fianaise go thugann droc-scríobhnóireach Béarla aon cabhair do siocair na Ghaeilge.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s